Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir

Is le Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir a dhéantar infheistíochtaí i réigiún an Deiscirt agus an Oirthir, arna gcomhchistiú le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus le Rialtas na hÉireann. Is í Forbairt Uirbeach Inbhuanaithe an t-aon eisceacht dó sin, a chistítear le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an Údarás Áitiúil ábhartha.

Táthar tar éis níos mó ná 700 tionscadal a cheadú go nuige seo do chomhchistiú faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa i gClár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir, arna bhainistiú ag Tionól Réigiúnach an Deiscirt.

€498 Milliún Cistiú Iomlán. €249 Milliún Ciste leis an Aontas Eorpach and €249 Milliún Cistiú le Rialtas na hÉireann agus ó na hÚdaráis Áitiúla.

Príomhaird an Chláir

  • Tacú leis an Taighde agus leis an Nuálaíocht
  • Leathanbhanda den Chéad Ghlúin Eile a Rolladh Amach
  • Tacú le Gnólachtaí
  • Trasnú go dtí geilleagar íseal-charbóin
  • Bailte agus cathracha a fhorbairt go hinbhuanaithe

Is i gcoinne na n-eochairspriocanna feidhmíochta thíos a dhéanfar gnóthachan na gcuspóirí úd a thomhas.

Is féidir leat teacht ar a thuilleadh nuachta agus imeachtaí ag teacht aníos ar láithreán gréasáin Thionól Réigiúnach an Deiscirt.

An Deisceart agus an tOirthear: 680 taighdeoirí nua, 160,000 Rochtain Leathanbhanda Ardluais tugtha do theaghlaigh gan seirbhís, 16,900 poist nua sna mionfhiontair and 19,400 teaghlach le héifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe.

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa: Infheistíocht i do Réigiún

Tugtar aghaidh i gceann amháin de na limistéir infheistíochta thíos ar na cuspóirí a léirítear thuas. Cliceáil ar na tíleanna chun an chaoi ina dtacaíonn Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta eile na hEorpa le gach ceann de na limistéir úd a thaiscéaladh.