Céard é an Caomhnú Comhshaoil

Is faoi na ceithre chlár a liostaítear thíos, a shaothraíonn Éire agus an tAontas Eorpach le chéile chun neamhdhíobháltacht agus inbhuanaitheacht earnálacha sonracha de gheilleagar na hÉireann don chomhshaol a fheabhsú.

Is faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a bhaintear leas as an gcistiú seo chun tacú le hÚdaráis Áitiúla i dtionscadail Forbartha Inbhuanaithe i mbailte agus i gcathracha na hÉireann.

Chun a thuilleadh a fháil amach faoi na Tionscadail um Fhorbairt Uirbeach Inbhuanaithe a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, téigh chuig a leathanach ar an láithreán gréasáin seo.

Is faoi Chiste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe agus faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, a sholáthraíonn an tAontas Eorpach agus Éire tacaíocht do scéimeanna comhshaoil neamhdhíobhálacha le chéile. Chun foghlaim faoi shampla den chaoi ina n-infheistíonn Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe sa chaomhnú comhshaoil, léigh an cás-staidéar seo faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí.

Funding for Environmental Protection: €1.4 Billiún: An Clár Forbartha Tuaithe agus €145.4 Milliún Clár Oibriúcháin CEMI d’Éirinn.

Samplaí de Thionscadail Chaomhnaithe Comhshaoil

Farming in Boyne Valley, Co. Meath

GLAS agus GLAS+

Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe

Is scéim í an Scéim Agra-Chomhshaoil Íseal-Charbóin, nó GLAS, leis an aidhm chun spreagadh a thabhairt d’fheirmeoirí chun bheith chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid agus is féidir. Is sraith den scéim í GLAS+ atá dírithe ar fheirmeoirí a ghlacann le bearta dúshlánacha le leibhéal eisceachtúil de thairbhe comhshaoil, le híocaíocht uasta níos airde.

I gcomhair a thuilleadh eolais, téigh chuig láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta.


Caomhnú Iascach Cladaigh

Caomhnú Iascach Cladaigh

An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Soláthraítear leis an scéim seo tacaíochtaí airgeadais chun cabhrú leis an earnáil iascaigh chladaigh chun éirí níos inbhuanaithe ó thaobh na heacnamaíochta, na sochaí agus an chomhshaoil de.
Sampla den chistiú faoin scéim seo is ea an Scéim V-Eangaithe Gliomaigh, do chistiú chun cabhrú leis an bpróiseas chun stoic ghliomach na hÉireann a rianú agus a chosaint.
Chun tuilleadh a fháil amach, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Bhord Iascaigh Mhara..

Inshore Fisheries Conservation

The Burren

Clár na Boirne

Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe

Is beart faoi threoir áitiúil atá sa chlár seo, atá dírithe ar chaomhnú thírdhreach uathúil na Boirne sa Chlár agus i nGaillimh.
Tugtar íocaíochtaí d’fheirmeoirí bunaithe ar scóráil fholláine comhshaoil a bpáirceanna mar chuid de phlean feirme 5 bliana. Meallfaidh scóranna níos airde (agus folláine comhshaoil níos fearr) íocaíochtaí níos airde.

Téigh chuig a láithreán gréasáin chun a thuilleadh a fháil amach faoin gClár seo.

Céard iad na Cistí a infheistítear sa Chaomhnú Comhshaoil?

Infheistítear gach ceann de na Cistí thíos sa Chaomhnú.Comhshaoil. Cliceáil ar na tíleanna sin chun na hinfheistíochtaí eile le gach Ciste a thaiscéaladh.