Is tríd an gClár Forbartha Tuaithe 2014-2020 a chistítear an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (OFS). Is de bharr choitiantacht agus an éilimh mhóir don scéim seo, atáthar an leithdháileadh cistithe €10 milliún in aghaidh na bliana a ídiú, agus tá an scéim druidte d’iarratasóirí nua i láthair na huaire.

Is é an tAonad Orgánach laistigh den Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a oibríonn an scéim trína dtéann feirmeoirí orgánacha ionchasach faoi chonradh 5 bliana, leis an gcéad dhá bhliain mar thréimhse thiontaithe agus na 3 bliana ina dhiaidh sin mar thiomantas chun feirmeoireacht orgánach a dhéanamh.

Tá cuspóirí défhillteacha ag an scéim chun tairbhí comhshaoil feabhsaithe a sheachadadh agus chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus chun tairbhí leasa ainmhithe a chothabháil, agus chun spreagadh a thabhairt do tháirgeoirí chun freagairt don éileamh sa mhargadh ar bhia a shaothraítear go horgánach.

Tom Dunne buaiteoir ghradam fheirmeoir Zurich na bliana 2016, ina léirítear an nuálaíocht agus an díograis laistigh d’earnáil na feirmeoireachta, ar feirmeoir orgánach é:

“Tháinig mé chuig an gcroisbhealach – ní raibh mé ag fáil dóthain brabúis ar m’fhiontar mairteola. Thosaigh mé ag déanamh taighde ar na roghanna os mo chomhair. D’fhreastail mé ar roinnt siúlán feirme agus labhair mé le feirmeoirí orgánacha eile. Mheas mé gur rogha oiriúnach dom í an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí. Faigheann an mhairteoil orgánach ardphraghas. Chinn mé dul isteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí. Níl aiféala ar bith orm le mo chinneadh tráth ar bith le seacht mbliana rannpháirtíochta sa scéim.”