Ba faoi Chlár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair 2007-2013 a bhunaigh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus Foras na Mara Láthair Thástála don Fhuinneamh Aigéin i gcomhair fréamhshamhlacha ¼-scála de ghairis fuinnimh thonnta i gCuan na Gaillimhe.

Éascaítear sa láthair thástála uathúil don fhuinneamh tonnta ¼-scála i gCuan na Gaillimhe d’imlonnú na bhfréamhshamhlacha scálaithe san fharraige mhór ar Thiontairí Tonnfhuinnimh (TTFí) i rith na gcéimeanna luatha d’fhorbairt a gcoincheapa. Tá an láthair thástála réamh-thoilithe i suíomh fíor-inrochtana, agus ligeann d’imlonnú na ngaireas le níos lú gléasra agus innealra ná mar a theastódh d’imlonnú lánscála. Bíonn cumhacht choimhdeach agus cumarsáid ar fáil ar an láthair freisin.

Áirítear leis na gairis tonnfhuinnimh a imlonnaíodh go rathúil ag an láthair thástála óna thionscnamh an baoi OE, baoi a bhí in ann cumhacht a ghiniúint in Aigéan anfach an Atlantaigh. Taispeántar san fhíseán thíos an baoi sin ag oibriú san Aigéan Atlantach.