Céard é an Cuimsiú Sóisialta?

Tá “an Cuimsiú Sóisialta” ar cheann de na limistéir infheistíochta ar dhírigh an cistiú Eorpach air in Éirinn. Is éard is sprioc na hinfheistíochta úd ná chun cuidiú le daoine nó le pobail dá mbaineann deacrachtaí sa tsochaí. Tacaíonn dhá chiste leis an limistéar infheistíochta seo mar atá: Ciste Sóisialta na hEorpa agus Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe.

Is tríd an gClár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim a chuidíonn Ciste Sóisialta na hEorpa le daoine faoi mhíbhuntáiste, nach n-éiríonn chomh hiontach sin leo sa tsochaí, agus leo siúd ar deacair dóibh torthaí maithe a fháil ón oideachas, post a aimsiú, nó chun nascadh lena bpobalsan. Áirítear leis an gClár freisin bearta chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn, agus chun comhrac i gcoinne an leithcheala.

Tá clár saintiomanta ag Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe, Clár LEADER, lena gcumhachtaítear grúpaí pobail áitiúla chun spreagadh don fhás inbhuanaithe ina gceantair áitiúla.

Funding for Social Inclusion: €387.6 Milliún as An Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama agus €250 Milliún as An Clár Forbartha Tuaithe.

Samplaí den Chuimsiú Sóisialta agus den Chomhrac i gcoinne an Leithcheala

LEADER Programme

An Clár LEADER

Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe

Tabharfaidh LEADER €250m sa chistiú do ghrúpaí pobail áitiúla idir na blianta 2014 agus 2020, arna chistiú faoin gClár Forbartha Tuaithe.
Is í príomhaird an chláir sin ná chun pobail áitiúla a chumhachtú chun tionscadail a roghnú a mbainfidh tionchar leo ar a gceantar.

Foghlaim a thuilleadh faoi LEADER.


Garda Youth Diversion Projects: West Limerick

Tionscadail Athstiúrtha Óige an Gharda

Ciste Sóisialta na hEorpa

Cuidítear le daoine óga sa tionscnamh a bhíonn i mbaol, nó a bhíonn rannpháirteach san iompar frithshóisialta nó coiriúil. Dírítear é ar thionscadail i lár an phobail a chuidíonn leis na daoine óga sin chun nascadh lena gceantair áitiúla, á gcumasú chun roghanna dearfacha a ghlacadh agus chun éirí as an gciontú.

Léigh scéal Patrick agus Jamie i gcomhair a thuilleadh faoin gcineál tionscadal a n-éiríonn daoine óga páirteach leo.

Garda Youth Diversion Projects: West Limerick

Young Persons Probation: Photo of Dochas don Oige

Tionscadail Phromhaidh do Dhaoine Óga

Ciste Sóisialta na hEorpa

Soláthraítear leis na tionscadail Phromhaidh do Dhaoine Óga (PDÓ) réimse seirbhísí do chiontóirí óga sna pobail áitiúla, lena n-áirítear an oiliúint agus an t-oideachas, an mheantóireacht, agus cláir bhainistithe ciontóirí. Tacaítear le ceithre thionscadal PDÓ faoin gClár don Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim:

Céard a deir Rannpháirtithe Promhaidh na nDaoine Óga?

Infheistítear gach ceann de na Cistí thíos sa Chuimsiú Sóisialta agus sa Chomhrac i gcoinne an Leithcheala. Cliceáil ar na tíleanna sin chun na hinfheistíochtaí eile le gach Ciste a thaiscéaladh.