Ba mar chuid de Chlár Athstiúrtha Óige an Gharda, a thionscain Jamie agus Patrick tionscadal Saoránachta Óige de chuid Foróige ina dteach cónaithe áitiúil do dhaoine scothaosta sa Chaisleán Nua, Co. Luimnigh.

Is leis An Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama a chistítear Tionscadail Athstiúrtha Óige an Gharda mar chuid dá thiomantas don Chuimsiú Sóisialta agus chun Comhrac an Leithcheala.

Jamie and Patrick

Dheonaigh Patrick agus Jamie dhá uair as a gcuid ama in aghaidh na seachtaine ag caitheamh an achair sin le háititheoirí Ospidéal Pobail Naomh Íde.

Chas siad ceol le chéile, chuir siad plandaí i bpotaí, nó bhí siad ina suí agus comhrá ar siúl acu leis na háititheoirí, fiú ag cabhrú le háitiitheoir chun foghlaim chun leas a bhaint as Skype chun labhairt lena dteaghlach agus lena gcairde!

Chuir na háititheoirí síos ar an mbeirt fhear mar “ghné úrnua sa láthair” agus iad bheith “lách, cairdiúil agus lán de mhacnas”.

Is trí thionscadail mar sin a chuirtear chun cinn an tsaoránacht ghníomhach i measc daoine óga, nach mbaineann tairbhe d’fheabhsú a bpobal léi amháin, ach a chuireann ar a gcumas chun forás go sóisialta, go síceolaíocht agus go hintleachtúil.

Bhain Jamie agus Patrick meas mór ó na daoine scothaosta ina bpobal, agus fuair siad urraim uathu freisin.

Jamie and Patrick

Dúirt Mary Walsh, altra i Naomh Íde:

D’éirigh go hiontach leo, do na háititheoirí ar thug na buachaillí cuairt orthu go saorálach agus gáire a roinnt leo ar bhealach nach bhfaca mé a mhacasamhail roimhe seo.

Ó tháinig an tionscadal chun críche i mí Iúil, tá Patrick ina bhliain dheireanach ar scoil agus tá súil aige pas a fháil ina Ardteistiméireacht.

Tá Jamie tar éis an Ardteistiméireacht Fheidhmeach a thosú, agus tá sé ag spreagadh do dhaoine eile chun a gcuid ama a dheonú mar shaorálaithe in Ospidéal Pobail Naomh Íde.