Fuair Goatsbridge Trout Farm, Baile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh cistiú faoi théama na Mionfhiontar de Chlár Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir 2007-2013.

The Owners of Goatsbridge Trout Farm, Margaret & Ger Kirwan

Agus é ina ghnó teaghlaigh atá ag feidhmiú le breis agus leathchéad bhliain anuas, thug Goatsbridge faoi deara gur theastaigh gníomhú nuair a tháinig baol dá ghnó ag díol breac úr le cuntair éisc úir sna siopaí agus sna hollmhargaí timpeall na tíre ó onnmhairí. Chuidigh an tacaíocht ón scéim mionfhiontar leis an gcomhlacht chun luach breise a chur ach cabhrú leo chun réimse táirgí deataithe a fhorbairt. Ba é an breac deataithe fulachta an chéad táirge nua s’acu, agus seoladh Chaibheár Breac Dea-dhathach s’aici ina dhiaidh sin sa bhliain 2012, a fuair ardmholadh. Tiontaíodh leis an bhforbairt táirge sin rud a measadh ina dhramhtháirge roimhe sin, na huibheacha éisc, ina dtairiscint ghnó nua bhríomhar.

Is iad na hOifigí Fiontair Áitiúla (OFÁ)(na Boird Fiontair Chathrach agus Chontae roimhe seo) a riarann na tacaíochtaí faoin scéim mionfhiontair, agus deartar iad chun cúnamh le tionscnamh agus le formhéadú gnólachta. Baintear leas as réimse cabhracha sna hOFÁí chun cuidiú le gnólachtaí beaga chun a n-iomaíocht, a nuálaíocht agus a sainoiriúint teicneolaíochta a dhlúthú.

Dúirt Margaret Kirwan, Stiúrthóir le Goatsbridge Trout Farm:

Fuaireamar tacaíocht iontach ónár nOifig Fiontair Áitiúil. Is léir gur mhór againn an tacaíocht airgeadais toisc gur tháinig sí ag tráth nuair a bhíomar ag formhéadú. Thosaíomar ag fostú i bhfad ní ba mhó daoine. Bhíomar ag cur luacha leis, ag déanamh go leor príomhphróiseála ní ba mhó de réir mar a tháinig fás ar ár ngnó. Ba mhór againn an cistiú chomh maith leis na tacaíochtaí boga, an fhorbairt bainistíochta, na cláir TF, an oiliúint sna díolacháin agus sa mhargaíocht ar ríthábhachtach do ghnó formhéadaitheach í.