Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair
Is le Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair a dhéantar infheistíochtaí i Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair, arna gcomhchistiú le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus le Rialtas na hÉireann. Is í Forbairt Uirbeach Inbhuanaithe an t-aon eisceacht dó sin, a chistítear le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an Údarás Áitiúil ábhartha.
Is é Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair a bhainistíonn an clár. Baineann roinnt scéimeanna leis an gClár, le gach ceann acu ag díriú ar na Príomhairdeanna Cláir a liostaítear thíos.
€316 Milliún Cistiú Iomlán. €158 Milliún Ciste leis an Aontas Eorpach agus €158 Milliún Cistiú le Rialtas na hÉireann agus ó na hÚdaráis Áitiúla.
Príomhaird an Chláir
- Tacú leis an Taighde agus leis an Nuálaíocht
- Leathanbhanda den Chéad Ghlúin Eile a Rolladh Amach
- Tacú le Gnólachtaí
- Trasnú go dtí geilleagar íseal-charbóin
- Bailte agus cathracha a fhorbairt go hinbhuanaithe
Is i gcoinne na n-eochairspriocanna feidhmíochta thíos a dhéanfar gnóthachan na gcuspóirí úd a thomhas.
Is féidir leat teacht ar a thuilleadh nuachta agus imeachtaí ag teacht aníos ar láithreán gréasáin Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair.
Indicators for Border, Midland and Western Region: 200 taighdeoirí nua, 144,000 Rochtain Leathanbhanda Ardluais tugtha do theaghlaigh gan seirbhís, 3,600 poist nua sna mionfhiontair and 10,000 teaghlach le héifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe.