Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe

Is trí Chiste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe a chistítear beartas forbartha tuaithe an Aontais Eorpaigh. Soláthraítear €100 billiún sa Chiste sin chun infheistiú san fhorbairt tuaithe ar fud an Aontais Eorpaigh sa tréimhse idir na blianta 2014 agus 2020.

Tá 118 Clár Forbartha Tuaithe (CFT) éagsúla ann sna 28 Ballstát don tréimhse 2014-2020, tá cláir shingile náisiúnta ag 20 Ballstát (Éire ina measc), agus roghnaigh 8 mBallstát chun dhá chlár (réigiúnacha) nó níos mó a bheith acu (an Ríocht Aontaithe ina measc).

Clár Forbartha Tuaithe na hÉireann

4 billion euro total funding for the Southern and Eastern Programme. 2.19 billion euro in funding from the European Union and 1.8 billioneuro in funding from the Irish Government.

Príomhaird an Chláir

Tá sé eochairlimistéar tosaíochta don Aontas Eorpach san Fhorbairt Tuaithe::

  • cothú an aistrithe feasa agus na nuálaíochta sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus sna ceantair thuaithe;
  • feabhsú inmharthanas agus iomaíochas gach cineál talmhaíochta, agus cur chun cinn na dteicneolaíochtaí feirme nuálaíocha agus an bhainistithe foraoiseachta inbhuanaithe;
  • eagrú an tslabhra bia, leas ainmhithe agus bainistiú riosca sa talmhaíocht a chur chun cinn;
  • athchóiriú, caomhnú agus feabhsú na n-éiceachóras a bhaineann leis an talmhaíocht agus leis an bhforaoiseacht;
  • cur chun cinn éifeachtúlacht na n-acmhainní agus tacú leis an iomlaoid chuid geilleagar íseal-charbóin agus le teacht aniar aeráide sna hearnálacha talmhaíochta, bia agus foraoiseachta;
  • an cuimsiú sóisialta, laghdú na bochtaineachta agus an fhorbairt eacnamaíoch sna ceantair thuaithe a chur chun cinn.

I gcomhair mionsonraí iomlán Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann, tabhair cuairt láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta.

Infheistíocht i do Thodhchaí

Cliceáil ar na tíleanna thíos chun gach ceann de na limistéir infheistíochta a thaiscéaladh arna gcomhchistiú ag Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe. Soláthraítear le gach cuid samplaí den chaoi ina n-infheistítear tacaíocht ó Chiste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe agus ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.