Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

Cómhaoinítear le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa infheistíochtaí sna réigiúin le Rialtais ar fud an Aontais Eorpaigh, agus tacaítear le gníomhaíochtaí sna réigiúin a rannchuireann le leibhéal forbartha cothromaithe.

Cuirfidh an tAontas Eorpach €276.8 billiún ar fáil don fhorbairt réigiúnach ar fud an Aontais Eorpaigh idir na blianta 2014 agus 2020.

Is trí Chláir a sheachadtar Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Tá dhá Chlár in Éirinn arna gcomhchistiú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa:

  • Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir
  • Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair

Léirítear sa léarscáil thíos roinnt na hÉireann idir an dá chlár sin, agus léirítear inti na spriocanna feidhmíochta a bhfuiltear ag dúil go ngnóthóidh na cláir sin iad.
Chomh maith le cistiú don dá chlár infheistíochta réigiúnacha, baintear leas as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun cláir chomhoibrithe a comhchistiú a n-infheistítear i níos mó ná tír amháin iad. Is féidir leat na cláir chomhoibrithe éagsúla a chuardach ar láithreán gréasáin saintiomanta an Aontais Eorpaigh (as Béarla)..

CFRE

An Teorainn, Lár na Tíre agus an tIarthar: 200 taighdeoirí nua, 144,000 Rochtain Leathanbhanda Ardluais tugtha do theaghlaigh gan seirbhís, 3,600 poist nua sna mionfhiontair and 10,000 teaghlach le héifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe.

An Deisceart agus an tOirthear: 680 taighdeoirí nua, 160,000 Rochtain Leathanbhanda Ardluais tugtha do theaghlaigh gan seirbhís, 16,900 poist nua sna mionfhiontair and 19,400 teaghlach le héifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe.