Ciste Sóisialta na hEorpa

Soláthraíonn Ciste Sóisialta na hEorpa €10 billiún go bliantúil ar fud an Aontais Eorpaigh. Tapaíonn gach tír san Aontas Eorpach an cistiú sin chun ionchais phoist a fheabhsú do na milliúin daoine agus chun sochaí níos cuimisithí a chruthú. Comhchistítear leis tionscadail áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta maidir leis an bhfostaíocht ar fud an Aontais Eorpaigh.

Is i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach a fhorbraíonn gach tír san Aontas Eorpach Clár amháin nó níos mó do chomhchistiú CSE ar feadh tréimhse seacht mbliana, idir na blianta 2014-2020 faoi láthair.
 

An Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama

Comhchistíonn Ciste Sóisialta na hEorpa in éineacht leis an Rialtas in Éirinn an Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama 2014-2020. Faigheann Éire leithdháileadh speisialta freisin ar fiú €68 milliún é ón Tionscnamh Fostaíochta don Óige.

Is éard is aidhm leis an Tionscnamh Fostaíochta don Óige ná chun dul i ngleic leis an bhfostaíocht i measc na hóige agus chun an Ráthaíocht Óige a chur i bhfeidhm ach poist, oideachas agus deiseanna oiliúna a sholáthar do dhaoine aonair faoi bhun 25 bliain d’aois nach bhfuil san Fhostaíocht, san Oideachas ná faoi Oiliúint.

Baineann na heochairlimistéir don infheistíocht faoin gClár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama 2014-2020 le cuidiú le daoine chun filleadh ar an oideachas, an oiliúint nó an obair, le cuidiú leo siúd i mbaol a n-eisiaimh go sóisialta nó ó mhargadh an tsaothair, agus spreagadh don fhostaíocht óige agus an rochtain ar an oideachas a fheabhsú.

Soláthraítear €1.157 billiún um chistiú leis an gClár chuig os cionn 20 beart náisiúnta.

An Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama

1.157 billion euro total funding for the Programme for Employability, Inclusion and Learning. 545 million euro in funding from the European Social Fund, 68 million euro from the Youth Employment Initiative and 545 million euro in funding from the Irish Government.

Príomhaird an Chláir

Dírítear na bearta náisiúnta arna gcistiú ag an gClár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama 2014-2020 ar cheithre limistéar infheistíochta faoi leith:

  • Cuidiú le daoine dífhostaithe chun filleadh ar mhargadh an tsaothair
  • Cothú sochaí agus margaidh shaothair chuimsithigh
  • Rochtain níos fearr ar an oideachas a thabhairt do dhaoine
  • Comhrac i gcoinne na dífhostaíochta óige

Is í aidhm an Chláir ná chun cuidiú le beagnach leathmhilliún duine thar a thréimhse seacht mbliana, agus táthar tar éis é a fhorbairt le heochairspriocanna chun a chinntiú go ngnóthaíonn sé a chuid cuspóirí.

Is féidir leat a thuilleadh a fhoghlaim faoi Chiste Sóisialta na hEorpa agus faoin gClár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama ar láithreán gréasáin CSE na hÉireann.

35,000 ionad oiliúna do dhaoine dífhostaithe agus do chuardaitheoirí poist agus 33,000 daoine óga le tacaíocht faoin Tionscnamh Fostaíochta don Óige agus 185,000 dalta faoi míbhuntáiste le míchumais ar tugadh cúnamh dóibh agus 527,000 ionad breisoideachais do dhaoine le leibhéil oideachais ísle agus 81,000 clár infhostaitheachta do dhaoine faoi mhíbhuntáiste.

135,000 ionad oiliúna do dhaoine dífhostaithe agus do chuardaitheoirí poist agus 33,000 daoine óga le tacaíocht faoin Tionscnamh Fostaíochta don Óige agus 185,000 dalta faoi míbhuntáiste le míchumais ar tugadh cúnamh dóibh agus 527,000 ionad breisoideachais do dhaoine le leibhéil oideachais ísle agus 81,000 clár infhostaitheachta do dhaoine faoi mhíbhuntáiste.

Ciste Sóisialta na hEorpa: Infheistíocht i do Thodhchaí

Cliceáil ar na tíleanna thíos chun gach ceann de na limistéir infheistíochta a thaiscéaladh arna gcomhchistiú ag Ciste Sóisialta na hEorpa. Soláthraítear le gach cuid samplaí den chaoi ina n-infheistítear tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.