Cad is Oideachas, Oiliúint agus Foghlaim Fadsaoil ann?

Tá “an tOideachas, an Oiliúint agus an Fhoghlaim Fadsaoil” ar cheann de na limistéir infheistíochta ar dhírigh an cistiú Eorpach air in Éirinn. Is éard is sprioc na hinfheistíochta úd ná chun tacú le daoine chun rochtain a fháil ar an oideachas nó ar an oiliúint gan aird ar bith dá n-aois. Infheistítear dhá chiste sa limistéar sin, mar atá: Ciste Sóisialta na hEorpa agus Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe.

Cuidíonn Ciste Sóisialta na hEorpa le daoine chun rochtain a fháil ar an oideachas, chun na hoilteachtaí agus na cáilíochtaí a ghnóthú a dteastaíonn uathu chun teacht ar an obair.

Oideachas, Oiliúint agus Foghlaim Fadsaoil: €215.3 Milliún as an Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama agus €126.1 Milliún as an Clár Forbartha Tuaithe.

Samplaí den Oideachas, Oiliúint agus Foghlaim Fadsaoil

Back to Education Initiative training

An Tionscnamh chun Filleadh ar an Oideachas

Ciste Sóisialta na hEorpa

Tá an Tionscnamh chun Filleadh ar an Oideachas dírithe ar dhaoine os cionn 16 bliain d’aois a bhíonn ag iarraidh filleadh ar an oideachas, le haird faoi leith ar dhaoine nár ghnóthaigh an Ardteistiméireacht.

Tairgtear leis cúrsaí páirtaimseartha chun a ligean don lucht freastail chun an t-oideachas a chothromú le tiomantais teaghlaigh agus oibre.

Tá a thuilleadh eolais ar fáil ó do Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúil.


a student assisted by Third Level Access funding

Rochtain Tríú Leibhéal

Ciste Sóisialta na hEorpa

Cuidíonn an Rochtain Tríú Leibhéal le mic léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus le mic léinn le míchumais chun rochtain a fháil ar an oideachas ardleibhéil, trí dhá chiste:

  • An Ciste um Chúnamh do Mhic Léinn
  • An Ciste do Mhic Léinn le Míchumais

Tabhair cuairt ar visit studentfinance.ie i gcomhair a thuilleadh sonraí i leith na gcistí agus na gcoláistí i gceist.

a student assisted by Third Level Access funding

Adult Literacy Participant from Waterford Education and Training Board

An Litearthacht d’Aosaigh

Ciste Sóisialta na hEorpa

Ligtear sa Litearthacht d’Aosaigh do dhaoine le deacrachtaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta chun rochtain a fháil ar an oideachas litearthachta, teanga agus uimhearthachta.

Soláthraítear léi réimse clár oideachais bhunúsacha d’aosaigh, lena n-áireofaí: an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht, oilteachtaí cumarsáide, uimhreacha a chur chun feidhme i leith fadhbanna matamaiticiúla laethúla, agus scileanna staidéir.

Tá a thuilleadh eolais ar fáil ó do Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúil.

Céard a deir rannpháirtithe sa Litearthacht d’Aosaigh?

Filleadh ar an Oideachas – scéal faoin bhfáth go ndeachaigh duine amháin dá rannpháirtithe isteach ar an gcúrsa le Bord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman.

Quotation Marks
Bhí mé ag smaoineamh faoi le hachar fada nó go bhfuair mé amach go mbeidh mé i m’athair den chéad uair mí an Mhárta seo chugainn.

Ba bhreá liom bheith in ann mo leanbh nua a chur chun leapa le scéilín, agus gan bheith buartha nach léifinn i gceart é. Insíodh dom gurb í an chuid is crua den aithreachas ná bheith i do laoch. Cén laoch nach bhfuil an léitheoireacht ná an scríbhneoireacht aige do shúile an linbh?

Déanfaidh mé mo sheacht n-iarracht chun bheith i mo laoch.
Quotation Marks

Cad iad na Cistí a infheistítear san Oideachas, Oiliúint agus Foghlaim Fadsaoil?

Infheistítear gach ceann de na Cistí thíos san Oideachas, Oiliúint agus Foghlaim Fadsaoil. Cliceáil ar na tíleanna sin chun na hinfheistíochtaí eile le gach Ciste a thaiscéaladh.