Céard é an Clár LEADER?

Is Clár é LEADER arna chomhchistiú ag Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe, le €250 Milliún soláthraithe faoin gClár Forbartha Tuaithe.

Tacaítear in LEADER leis an bhfiontar príobháideach agus le grúpaí pobail chun tionscadail a sheachadadh leis an aidhm chun cáilíocht na beatha sna ceantair thuaithe a fheabhsú, agus chun spreagadh a thabhairt d’éagsúlú na gníomhaíochta eacnamaíche sna ceantair thuaithe. Is trí Ghrúpaí Gnímh Áitiúla a sheachadtar an cistiú i gcomhréir leis na Straitéisí Forbartha Áitiúla a fhorbraíonn gach Grúpa Gnímh Áitiúil i dtaca leis na 28 ceantar fo-réigiúnacha in Éirinn.

Is é an Grúpa Gnímh Áitiúil a roghnaíonn tionscadail dá gcistiú bunaithe ar na cuspóirí a thugtar le gach aon straitéis. Tagann na cuspóirí úd laistigh de réimse téamaí sainithe lena n-áirítear forbairt fiontair agus cruthú post, forbairt bailte tuaithe, an cuimsiú sóisialta agus an comhshaol.

Chun tuilleadh a fháil amach faoin gClár LEADER agus chun teacht ar do Ghrúpa Gnímh Áitiúil, téigh chuig leathanach baile LEADER.

Samplaí de Thionscadail an Chláir LEADER

Solas na Mara

Sólás na Mara

Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe

Soláthraíonn Sólás na Mara teach folctha feamainne i dteannta le seirbhísí coimhdeacha lena n-áirítear an tsuathaireacht, an teiripe fisiciúil, an snáthaidpholladh agus an cumhartheiripe. D’éirigh le Sólás na Mara seirbhís nideoige a bhunú i bpobal tuaithe, ag tapú an tsáile agus na feamainne mar acmhainn nádúrtha shofhaighte.

Faigh a thuilleadh amach ar a láithreán gréasáin.


Tipperary New Entrepreneur Competition

Comórtas d’Fhiontraithe Nua i dTiobraid Árann

Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe

Tá Cuideachta Forbartha Thiobraid Árann Theas tar éis saothrú go fairsing chun earnáil na fiontraíochta a fhorbairt agus chun meanma na fiontraíochta a chothú sa chontae trí shraith tionscadal arna gcistiú faoi Chlár Forbartha Tuaithe LEADER 2007-2013.

Thug an Chuideachta Forbartha Comórtas Fiontraíochta isteach chun cuidiú le daoine áitiúla dífhostaithe chun smaoineamh gnó a thástáil agus chun oiliúint a ghnóthú.

Tipperary New Entrepreneur Competition

Dunmore Adventure Centre

Lárionad Eachtraíochta Dhúin Mhóir

Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe

Bhain an tionscnamh seo faoi úinéireacht teaghlaigh tairbhe as an gcistiú faoin gClár LEADER 2007-2013.

Rinne an triúr tairbhithe iarratas ar chistiú sa bhliain 2013 faoin gClár LEADER chun an lárionad eachtraíochta reatha a fheabhsú ach gníomhaíochtaí nuálaíocha nua a sholáthar nach raibh ar fáil in Éirinn, lenar áiríodh páirc uisceach agus crios tógála foirne.

Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Lárionad Eachtraíochta Dhúin Mhóir i gcomhair a thuilleadh eolais.

Cé hiad na Cistí a infheistítear sa Chlár LEADER?

Faigheann an Clár LEADER tacaíocht ón Chiste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe. Cliceáil ar an Tíl thíos chun na tionscnaimh eile a dtacaíonn an Ciste leo a thaiscéaladh.