Cad iad na Tacaíochtaí do Ghnólachtaí Beaga?

Is eochairsprioc do chistiú an Aontais Eorpaigh iad na Mionfhiontair, na Fiontair Bheaga agus na Fiontair Mhéanmhéide. Cuireann an tAontas Eorpach síos ar Fhiontair Bheaga agus Meánmhéide mar na cinn úd le líon foirne faoi bhun 250, agus de láimhdeachas níos lú ná €50 milliún. Is ionann Mionfhiontar agus ceann ina bhfostaítear 10 daoine nó níos lú, agus baineann láimhdeachas faoi bhun €2 milliún leis.

Áirítear leis na tacaíochtaí faoin gceithre chlár a liostaítear thíos, an tacaíocht airgeadais, cláir oiliúna agus meantóireachta (ar nós iad siúd faoin Scéim Mionfhiontar) agus rochtain ar an margadh (cistítear é sin le scéimeanna ar nós Scéim Infheistíochta Caipitiúla um Próiseáil Bia Mara). Is faoi Chiste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe a thacaíonn tan Clár LEADER freisin don fhiontar ar fud na tíre.

Funding for Support for Small Business: €69.2 Milliún: Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir, €58 Milliún: Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair, €300.3 Milliún: An Clár Forbartha Tuaithe agus €71.5 Milliún: Clár Oibriúcháin CEMI d’Éirinn.

Samplaí den Tacaíocht do Thionscadail Ghnó Bhig

Drombeg

Scéim na Mionfhiontar

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

Is iad na hOifigí Fiontair Áitiúla timpeall na tíre a riarann deontais Eorpacha do réimse leathan scéimeanna a dhírítear ar ghnólachtaí le níos lú ná 10 fostaithe. Foghlaim faoin gcineál tionscadal le tacaíocht ó na deontais sin ach an cás-staidéar seo a léamh.

I gcomhair mionsonraí na dtacaíochtaí arna dtairiscint ag na hOifigí Fiontair Áitiúla, féach ar láithreán gréasáin na nOifigí Fiontair Áitiúla.


Dunmore East

An Scéim d’Iascairí Nua

An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Cuidítear sa scéim seo, arna bainistiú ag Bord Iascaigh Mhara, le hiarratasóirí faoi bhun 40 bliain d’aois chun a gcéad soitheach iascaigh a shealbhú.
Foráiltear 25% den chostas leis an deontas (suas chuig €75,000) de shealbhú an tsoithigh.
I gcomhair níos mó mionsonraí faoin scéim seo, agus faoi scéimeanna eile arna mbainistiú ag Bord Iascaigh Mhara, féach ar a láithreán gréasáin.

Dunmore East

Castletownbere

An Scéim Infheistíochta Caipitiúla um Próiseáil Biamhara

An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Is leis an scéim sin, arna bainistiú ag Bord Iascaigh Mhara freisin, a sholáthraítear deontais do 15-30% de na costais infheistíochta caipitiúla do FBMí um Próiseáil Bia Mara agus do FBMí ag féachaint chun formhéadú isteach sa Phróiseáil Bia Mara.

Chun a thuilleadh a fhoghlaim faoin scéim seo, agus faoin liosta iomlán limistéar ar tugadh tacaíocht dóibh, féach ar láithreán gréasáin Bhord Iascaigh Mhara.

Céard iad na Cistí a infheistítear sa Tacaíocht don Ghnó Beag?

Infheistítear gach ceann de na Cistí thíos sa Tacaíocht don Ghnó Beag. Cliceáil ar na tíleanna sin chun na hinfheistíochtaí eile le gach Ciste a thaiscéaladh.