Céard is Fostaíocht Inbhuanaithe agus Dea-Cháilíochta ann?

Tá “Fostaíocht Inbhuanaithe agus Dea-Cháilíochta” ar cheann de na limistéir infheistíochta don chistiú Eorpach in Éirinn. Tagann an cistiú don limistéar sin ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus ón gCiste Eorpach Muirí agus
Iascaigh.
Soláthraíonn Ciste Sóisialta na hEorpa tionscnaimh fhostaíochta a dhírítear ar uasghrádú oilteachtaí agus tacaíocht don tsoghluaisteacht saothair i leith cuardaitheoirí poist agus daoine éighníomhacha tríd an gClár don Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim. Tugadh tosaíocht leis na tionscnaimh úd do dhaoine dífhostaithe fadtéarmacha.
Tacaíonn Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh leis an limistéar sin trí Chlár Oibriúcháin CEMI d’Éirinn, ach infheistiú san oiliúint, meantóireacht agus forbairt oilteachtaí. Tacaíonn Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe leis an limistéar infheistíochta úd trí Clár LEADER, mar chuid den Chlár Forbartha Tuaithe.

Fostaíocht Inbhuanaithe agus Dea-Cháilíochta: €325.6 Milliún: An Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama agus €18.6 Milliún: Clár Oibriúcháin CEMI d’Éirinn.

Samplaí de Thionscadail Fostaíocht Inbhuanaithe agus Dea-Cháilíochta

ETB Training by the Unemployed

Oiliúint do Dhaoine Dífhostaithe

Ciste Sóisialta na hEorpa

Comhchistíonn an CSE cúrsaí oiliúna do dhaoine dífhostaithe trí mheán na 16 Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO) ar fud na hÉireann. Cuimsítear roinnt ábhar agus leibhéal éagsúil sna cúrsaí. Ba é Darragh O’Sullivan, sa phictiúr anseo, buaiteoir an Chomórtais Teiripe Áilleachta de chuid IrelandSkills sa bhliain 2016. Chríochnaigh Darragh oiliúnacht sa Teiripe Áilleachta le BOO Chiarraí, arna comhchistiú le Ciste Sóisialta na hEorpa.

Chun teacht ar níos mó mionsonraí i leith na gcúrsaí úd agus ar an gcaoi chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le do BOO áitiúil.


Springboard+

Springboard+

Ciste Sóisialta na hEorpa

Tairgtear le Springboard+ réimse leathan dianchúrsaí iompaithe páirtaimseartha agus lánaimseartha ag leibhéal teastais, céime agus iar-chéime.

Eochair-Staitisticí:

  • 80% de rannpháirtithe gan bheith ar an mBeo-Chlár.
  • 96% de rannpháirtithe a mholfadh cúrsa do chairde agus teaghlach.

I gcomhair tuilleadh faisnéise, téigh chuig an láithreán gréasáin shaintiomanta do chúrsaí Springboard.

Springboard+

Castletownbere

Grúpaí Gnímh Áitiúil na nIascach

An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Tá 7 nGrúpa Gnímh Áitiúil Iascach in Éirinn, ag roghnú tionscadal dírithe ar an bhforbairt eacnamaíoch, saothrú agus forbairt na hoilteachta sna pobail cois cósta, cumasú na rannpháirtíochta, agus caomhnú an chomhshaoil.
Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi shaothar na nGrúpaí Gnímh Áitiúil Iascaigh agus faoina Straitéisí, téigh chuig láithreán gréasáin Bhord Iascaigh Mhara.

Céard iad na Cistí a infheistítear sa Fostaíocht Inbhuanaithe agus Dea-Cháilíochta

Infheistítear gach ceann de na Cistí thíos sa Fostaíocht Inbhuanaithe agus Dea-Cháilíochta. Cliceáil ar na tíleanna sin chun na hinfheistíochtaí eile le gach Ciste a thaiscéaladh.