Cad is Forbairt Uirbeach Inbhuanaithe ann?

Féachtar san Fhorbairt Uirbeach Inbhuanaithe chun bearta don athnuachan uirbeach a cheangal leo siúd lena soláthraítear oideachas, forbairt eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus caomhnú comhshaoil. Chun foghlaim a thuilleadh faoi fhís an Aontais Eorpaigh don Fhorbairt Uirbeach, tabhair cuairt ar a láithreán gréasáin.

Is le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a sholáthraítear an cistiú don limistéar infheistíochta seo.

Seo dhá chás-staidéar ina dtugtar samplaí den chaoi ina mbaintear leas as an gcistiú Eorpach chun cabhrú le forbairt bailte agus cathracha na hÉireann:

Tionscadail Inbhuanaithe um Fhorbairt Cathrach: €52 Milliún: Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir agus €28 Milliún Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair.

Táthar ag soláthar an €80 milliún seo don Fhorbairt Uirbeach Inbhuanaithe trí Scéim Deontas na Lárionad Uirbeach Ainmnithe arna cistiú faoin dá Chlár Oibriúcháin Réigiúnacha.

Thaisc na hÚdaráis Áitiúla tograí do Thionscadail Forbartha Uirbí Inbhuanaithe dá bhfaomhadh. Níl sna trí thionscadal a imlínítear thíos ach sampla díobh siúd a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

Agus roinnt Údarás Áitiúil ag scoilt a leithdháilte i measc iltionscadal, táthar ag tacú le 24 tionscadal san iomlán ar fud na tíre.

Taispeántar sa léarscáil gach ceann de na bailte agus na cathracha ag fáil tacaíochta faoin Scéim seo.

Samplaí de Thionscadail Inbhuanaithe um Fhorbairt Cathrach

An early design for the brewery project.

Ceathrú Chruthaitheach na Mainistreach – Cill Chainnigh

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

Déanfar Grúdlann Smithwicks a athnuachan le forbairt páirce líní, spásanna poiblí, agus sráide ina dtugtar tosaíocht do choisithe agus do rothaithe.
Tá cistiú ar fiú €4.5 milliún é ar fáil don tionscadal trí chéile, le €3.5 milliún ag teacht ón Údarás Áitiúil agus €1 milliún ón Aontas Eorpach.
Léigh a thuilleadh faoi phleananna Chomhairle Contae Chill Chainnigh do Cheathrú Chruthaitheach na Mainistreach ar a láithreán gréasáin.


An early design for the Urban Centre Project in Limerick

Athnuachan Lár na Cathrach – Luimneach

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

Déanfar lár chathair Luimnigh a athnuachan le tionscadal chun spásanna poiblí a fheabhsú, chun cosáin a leathnú, chun conairí busanna a athailíniú agus chun bainistiú tráchta a fheabhsú ag eochairionaid i lár na cathrach. Níl sa dearadh a léirítear anseo ach leagan luath ag ealaíontóir, óir nár thángthas ar chomhaontú go fóill i leith plean dheireanaigh.

Tá cistiú ar fiú €9 milliún é ar fáil don tionscadal seo, le €4.95 milliún ag teacht ón Údarás Áitiúil agus €4.05 milliún ón Aontas Eorpach.

An early design for the Urban Centre Project in Limerick

Galway City Centre

Leabharlann na Cathrach agus Lárionad Cultúrtha – Gaillimh

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

Táthar ag pleanáil Leabharlainne Cathrach agus Lárionaid Chultúrtha do chroílár Chathair na Gaillimhe.

Tá cistiú ar fiú €7 milliún é ar fáil don chéad chéim den tionscadal, arna chomhroinnt go cothrom idir an tÚdarás Áitiúil agus an tAontas Eorpach. Soláthróidh an tÚdarás Áitiúil cistiú breise mar chuid den tionscadal críochnaithe.

Cad iad na Cistí a infheistítear san Fhorbairt Uirbeach Inbhuanaithe?

Is ionann an Fhorbairt Inbhuanaithe agus limistéar infheistíochta arb uathúil do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa é. Cliceáil ar an tíl thíos chun na hinfheistíochtaí eile leis an gCiste sin a thaiscéaladh.