Cad í an Chabhair do na Daoine is Díothaithe?

Is leis an gCiste don Chabhair Eorpach dóibh siúd is Díothaithe, tríd an gClár Cúnaimh um Bia agus/nó Bunábhar a chistítear gníomhaíochtaí atá dírithe chun cabhair a sholáthar dóibh siúd is díothaithe inár sochaíne.

Is í An Roinn Coimirce Sóisialaí a bhíonn freagrach as forfheidhmiú Chlár an Chiste don Chabhair Eorpach dóibh siúd is Díothaithe (CCED) in Éirinn agus a phróiseálann gach iarratas ó na heagrais ‘seachbhrabúsacha’ a shaothraíonn leo siúd a dteastaíonn cúnamh uathu.

Chabhair do na Daoine is Díothaithe: €26.7 Millúin.

Infhaighteacht Náisiúnta an Bhia

Cén cineál tacaíochta a sholáthraítear?

Díreofar aird an chiste orthu siúd ar imill na sochaí óna dteastaíonn tacaíochtaí bunúsacha. Cinnteoidh sé go mbíonn soláthar bia iontaofa ann don earnáil charthanachta thar shaolré an Chláir, le heagrais faofa ag bailiú an bhia ó thrí mhol réigiúnacha i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh.

Cuirfear an bia ar fáil do gach eagras incháilithe ó sceideal bia faofa arna thiomsú ag an Roinn Coimirce Sóisialaí tar éis comhairliúcháin leis an earnáil charthanachta. Beidh bianna bunúsacha dolofa sna biamhíreanna arb éasca dóibh a iompar agus a stóráil.

Chun rochtain a fháil ar an oibríocht sin ba cheart d’eagras an fhoirm seo a sheoladh chuig fead@welfare.ie.

I dteannta leis an oibríocht seo is amhlaidh a ghlacfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí le hiarratais CCED i leith oibríochtaí cúnta bianna agus bunábhar eile (is féidir iarratais a dhéanamh ar an bhfoirm seo)

Bhailíomar na ceisteanna coitianta faoin gClár, tabhair cuairt ar an leathanach seo chun amharc orthu.

Cad iad na Cistí a infheistítear sa Chabhair dóibh siúd is Díothaithe?

Comhchistítear an Cistiú Cabhrach dóibh siúd is Díothaithe leis an gCiste don Chabhair Eorpach dóibh siúd is Díothaithe. Lean an méid thíos chun a thuilleadh a fhoghlaim faoin gciste úd: