Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe

Tacaíonn Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe le bearta tíortha an AE chun cúnamh nithiúil a sholáthar (lena n-áirítear bia agus éadaí) dóibh siúd is díothaithe.

Cuirfidh an tAontas Eorpach €3.8 billiún ar fáil trí mheán Chiste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe idir na blianta 2014 agus 2020. Caithfidh na tíortha a gcóimhéid sin a sholáthar le híosmhéid 15% den chistiú náisiúnta.

Tacaíonn Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe in Éirinn le gníomhaíochtaí chun cabhair a thabhairt do na daoine is boichte agus is díothaithe inár sochaíne. Cistítear na gníomhaíochtaí úd tríd an gClár Oibriúcháin náisiúnta um Chúnamh Bia agus/nó Bunábhar.

Forfheidhmíonn agus seachadann na tíortha cláir le heagrais is comhpháirtithe le gach aon tír a thagann ar chinneadh i leith an chineáil chúnaimh a sholáthrófar leo (bia nó ábhair eile nó meascán den dá cheann). Is féidir leis na tíortha bia agus earraí a cheannach iad féin agus iad siúd a sholáthar go díreach chuig carthanachtaí, nó chun cistí a sholáthar do na carthanachtaí chun é a dhéanamh iad féin.

Clár Oibriúcháin na hÉireann um Chúnamh Bia nó Bunábhar

Is í An Roinn Coimirce Sóisialaí a bhíonn freagrach as forfheidhmiú an Chláir Oibriúcháin um Chúnamh Bia agus/nó Bunábhar in Éirinn agus a phróiseálann gach iarratas ó na heagrais ‘seachbhrabúsacha’ a shaothraíonn leo siúd a dteastaíonn cúnamh uathu.

Cuideoidh an tacaíocht le daoine chun glacadh lena gcéad chéimeanna as an mbochtanas agus as an eisiamh sóisialta. Cuideoidh an Clár Oibriúcháin um Chúnamh Bia agus/nó Bunábhar leis na daoine is díothaithe ach aghaidh a thabhairt ar cheann de na héilimh is bunúsaí acu.

26.7 million euro in total funding is available for the Food and/or Basic Material Assistance Operational Programme, with 22.7 million euro from the European Union and 4 million euro from the Irish government.

Gnóthachtálacha Cláir – go dtí mí na Samhna 2016

17,367 líon na daoine ar tugadh cúnamh dóibh, 290,376 béilí arna leithdháileadh ina bhfuarthas bia ó fhoinse CCED, 7,126 pacaí bia leithdáilte, 162,399 aonaid bhia as ar baineadh leas, 59,095 KG an bhia as ar baineadh leas, 46% den bhia leithdháilte ag tairbhithe ó CCED.

Infheistíocht i do Thodhchaí