Cad iad Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa?

Tagann cúig Chiste faoi scáth Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa:

  • Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
  • Ciste Sóisialta na hEorpa
  • Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe
  • An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
  • An Ciste Comhtháthaithe

Faigheann Éire airgead an AE ó na chéad cheithre chiste sa liosta. Óir gur Ballstát é Éire le geilleagar níos faide i mbéal forbartha, ní bhíonn sé incháilithe a thuilleadh chun airgead a fháil ón gCiste Comhtháthaithe.

Na Cistí

Bunaíodh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí san fhorbairt réigiúnach. Tá dhá chlár infheistíochta réigiúnacha i bhfeidhm ag Éirinn, ag saothrú chun an sprioc úd a ghnóthachan. Cuimsíonn sé sin Poblacht na hÉireann ina hiomláine, a roinntear ina dhá leath, Réigiún an Deiscirt agus an Oirthir agus Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair.

Feabhsaítear le Ciste Sóisialta na hEorpa an rochtain ar an bhfostaíocht, agus cumasaíonn soghluaisteacht suímh agus poist níos mó laistigh den Aontas. Leagtar béim faoi leith i gCiste Sóisialta na hEorpa ar an oiliúint ghairmiúil agus ar an bhforbairt oilteachtaí.

Cuidíonn Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe le sásamh na ndúshlán agus na ndeiseanna os comhair ceantar tuaithe san chéad haois is fiche.

Tá an cuspóir ag 
Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
 chun cuidiú le hiascairí san aistriú chuig modhanna inbhuanaithe. Cuidíonn an ciste le pobail chósta freisin chun deiseanna níos éagsúla a chruthú d’oibrithe agus do ghnólachtaí. Is í sprioc fhoriomlán an chiste seo ná chun poist a chruthú agus caighdeán na beatha a fheabhsú ar feadh chóstaí na hEorpa.

Dírítear an Ciste Comhtháthaithe ar na Ballstáit a mbíonn Ollioncam Náisiúnta (GNI) in aghaidh an duine níos lú ná 90% de mheán an AE. Is éard is aidhm leis ná chun éagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a laghdú agus chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

Cad é an Beartas Comhtháthaithe?

Baintear leas as an téarma ‘Beartas Comhtháthaithe’ san Aontas Eorpach chun tagairt a dhéanamh d’infheistíochtaí a dhéantar trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus tríd an gCiste Comhtháthaithe.

Is í aidhm an Bheartais Chomhtháthaithe ná chun éagothrmaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta réigiúnacha a laghdú ar fud bhallstáit agus réigiúin an AE. Gnóthaítear an aidhm sin leis an mbeartas comhtháthaithe ach an caiteachas a dhíriú ar na réigiúin agus ar na cathracha san Aontas Eorpach, chun iomaíochas gnó a chothú, chun poist a chruthú, chun fás eacnamaíoch a spreagadh, chun forbairt inbhuanaithe a ghiniúint, agus chun caighdeán bheatha na saoránach a fheabhsú.

Cad é Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe?

Is é Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe a sholáthraíonn an bunchúnamh a theastaíonn ó dhaoine sular féidir leis an bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch a sholáthraítear leis na Cistí eile a bheith mar sprioc acu.

Cén áit ar féidir liom teacht ar a thuilleadh eolais?

Má tá tú ag cuardach i gcomhair a thuilleadh eolais, is iad na comhlachtaí a bhainistíonn forfheidhmiú na gclár an áit is fearr chun tosú.

Roinntear na comhlachtaí sin ar bhunús tíreolaíochta i gcás Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa:

Is í an Roinn Oideachais agus Scileanna a bhainistíonn clár Chiste Sóisialta na hEorpa ar bhonn náisiúnta.

Is é Rannán na gClár Forbartha don Bhia Mara sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhainistíonn an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh.

Is é an Rannán Forbartha Tuaithe sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a mhaoirsíonn an Clár Forbartha Tuaithe.

Is í An Roinn Coimirce Sóisialaí a bhainistíonn Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe.

Má theastaíonn uait a thuilleadh a fhoghlaim faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, tabhair cuairt ar leathanach oifigiúil an Aontais Eorpaigh