Céard é An Plean Leathanbhanda Náisiúnta?
Tacaítear leis an bPlean Leathanbhanda Náisiúnta faoin limistéar infheistíochta seo, agus is tionscadal náisiúnta é atá dírithe chun rochtain leathanbhanda ardluais a sholáthar do gach saoránach agus gnólacht. Ciallaíonn sé sin go mba cheart luas íosta 30Mbps a chur ar fáil do gach áitreabh sna codanna den tír gan seirbhís.
Léirítear sna staidéir idirnáisiúnta go dtagann fás níos tapa faoi dhó ar na Fiontair Bheaga agus Meánmhéide le láithreacht ar líne, go n-onnmhaíríonn siad dhá oiread an toirt agus go gcruthaíonn siad dhá líon na poist le hais na bhfiontar gan mórán láithreachta ar an idirlíon. Baineann ríthábhacht leis an nascacht leathanbhanda ardluais dá réir don fhás agus don fhorbairt gnólachtaí.
Bíonn an leathanbhanda éifeachtúil tábhacht don oideachas, don tsiamsaíocht, don ghnó, don ríomh-Shláinte agus don ríomh-Rialtas; agus baintear leas méadaitheach as mar bhealach cumarsáide simplí agus éifeachtach. Is bunriachtanas é freisin do phatrúin oibre níos solúbtha lenar féidir costais oibriúcháin a laghdú d’eagrais tráchtála agus san earnáil phoiblí.
Chun foghlaim faoin gcineál infheistíochta seo sna cláir roimhe seo, léigh an cás-staidéar seo.
Funding for Broadband for All: €60 Milliún – Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir, €90 Milliún – Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair.
Cé hiad na Cistí a infheistítear sa Phlean Leathanbhanda Náisiúnta?
Infheistítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa sa Phlean Leathanbhanda Náisiúnta. Cliceáil ar na tíleanna seo chun na hinfheistíochtaí eile le gach ceann de na Cláir a fhaigheann tacaíocht ón gCiste a thaiscéaladh.