Cad iad Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa?
Tagann cúig Chiste faoi scáth Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa:
- Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
- Ciste Sóisialta na hEorpa
- Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe
- An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
- An Ciste Comhtháthaithe
Faigheann Éire airgead an AE ó na chéad cheithre chiste sa liosta. Óir gur Ballstát é Éire le geilleagar níos faide i mbéal forbartha, ní bhíonn sé incháilithe a thuilleadh chun airgead a fháil ón gCiste Comhtháthaithe.
Na Cistí
Bunaíodh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí san fhorbairt réigiúnach. Tá dhá chlár infheistíochta réigiúnacha i bhfeidhm ag Éirinn, ag saothrú chun an sprioc úd a ghnóthachan. Cuimsíonn sé sin Poblacht na hÉireann ina hiomláine, a roinntear ina dhá leath, Réigiún an Deiscirt agus an Oirthir agus Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair.
Feabhsaítear le Ciste Sóisialta na hEorpa an rochtain ar an bhfostaíocht, agus cumasaíonn soghluaisteacht suímh agus poist níos mó laistigh den Aontas. Leagtar béim faoi leith i gCiste Sóisialta na hEorpa ar an oiliúint ghairmiúil agus ar an bhforbairt oilteachtaí.
Cuidíonn Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe le sásamh na ndúshlán agus na ndeiseanna os comhair ceantar tuaithe san chéad haois is fiche.
Tá an cuspóir ag
Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh chun cuidiú le hiascairí san aistriú chuig modhanna inbhuanaithe. Cuidíonn an ciste le pobail chósta freisin chun deiseanna níos éagsúla a chruthú d’oibrithe agus do ghnólachtaí. Is í sprioc fhoriomlán an chiste seo ná chun poist a chruthú agus caighdeán na beatha a fheabhsú ar feadh chóstaí na hEorpa.
Dírítear an Ciste Comhtháthaithe ar na Ballstáit a mbíonn Ollioncam Náisiúnta (GNI) in aghaidh an duine níos lú ná 90% de mheán an AE. Is éard is aidhm leis ná chun éagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a laghdú agus chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.
Cad é an Beartas Comhtháthaithe?
Baintear leas as an téarma ‘Beartas Comhtháthaithe’ san Aontas Eorpach chun tagairt a dhéanamh d’infheistíochtaí a dhéantar trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus tríd an gCiste Comhtháthaithe.
Is í aidhm an Bheartais Chomhtháthaithe ná chun éagothrmaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta réigiúnacha a laghdú ar fud bhallstáit agus réigiúin an AE. Gnóthaítear an aidhm sin leis an mbeartas comhtháthaithe ach an caiteachas a dhíriú ar na réigiúin agus ar na cathracha san Aontas Eorpach, chun iomaíochas gnó a chothú, chun poist a chruthú, chun fás eacnamaíoch a spreagadh, chun forbairt inbhuanaithe a ghiniúint, agus chun caighdeán bheatha na saoránach a fheabhsú.
Cad é Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe?
Is é Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe a sholáthraíonn an bunchúnamh a theastaíonn ó dhaoine sular féidir leis an bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch a sholáthraítear leis na Cistí eile a bheith mar sprioc acu.