Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair

Is le Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair a dhéantar infheistíochtaí i Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair, arna gcomhchistiú le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus le Rialtas na hÉireann. Is í Forbairt Uirbeach Inbhuanaithe an t-aon eisceacht dó sin, a chistítear le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus leis an Údarás Áitiúil ábhartha.

Is é Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair a bhainistíonn an clár. Baineann roinnt scéimeanna leis an gClár, le gach ceann acu ag díriú ar na Príomhairdeanna Cláir a liostaítear thíos.

€316 Milliún Cistiú Iomlán. €158 Milliún Ciste leis an Aontas Eorpach agus €158 Milliún Cistiú le Rialtas na hÉireann agus ó na hÚdaráis Áitiúla.

Príomhaird an Chláir

  • Tacú leis an Taighde agus leis an Nuálaíocht
  • Leathanbhanda den Chéad Ghlúin Eile a Rolladh Amach
  • Tacú le Gnólachtaí
  • Trasnú go dtí geilleagar íseal-charbóin
  • Bailte agus cathracha a fhorbairt go hinbhuanaithe

Is i gcoinne na n-eochairspriocanna feidhmíochta thíos a dhéanfar gnóthachan na gcuspóirí úd a thomhas.

Is féidir leat teacht ar a thuilleadh nuachta agus imeachtaí ag teacht aníos ar láithreán gréasáin Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair.

Indicators for Border, Midland and Western Region: 200 taighdeoirí nua, 144,000 Rochtain Leathanbhanda Ardluais tugtha do theaghlaigh gan seirbhís, 3,600 poist nua sna mionfhiontair and 10,000 teaghlach le héifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe.

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa: Infheistíocht i do Réigiún

TTugtar aghaidh i gceann amháin de na limistéir infheistíochta thíos ar na cuspóirí a léirítear thuas. Cliceáil ar na tíleanna chun an chaoi ina dtacaíonn Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta eile na hEorpa le gach ceann de na limistéir úd a thaiscéaladh.