Is le hinfheistíocht phoiblí ar fiú €38.349m í, a chuidigh Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir leis an Scéim Leathanbhanda Náisiúnta (SLBN) chun leathanbhanda a sheachadadh do 483 do Thoghcheantair ainmnithe (TC) idir na blianta 2007-2013 i 12 contae (ba é Baile Átha Cliath an t-aon chontae gan Toghcheantair gan seirbhís).

D’éirigh an leathanbhanda inrochtana i réigiún an Deiscirt agus an Oirthir do 25,482 gnólacht breise, agus soláthraíodh rochtain leathanbhanda do 954,695 duine breise faoi dheireadh na tréimhse 2007-2013 faoi Chlár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir.

Achill

Ag cur leis an infheistíocht faoin gclár roimhe sin, is amhlaidh a sheachadfar an Plean Leathanbhanda Náisiúnta (PLBN) faoi Chlár Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir 2014-2020. Is í an Roinn Cumarsáide, Gníomhú Aeráide agus Comhshaoil a bhíonn freagrach as forfheidhmiú an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta.

Táimid ar an mbealach chun Clár Digiteach an Choimisiúin Eorpaigh a shásamh do sprioc na hEorpa do chlúdach 100% chuig 30 Mbps faoin mbliain 2020. Ina theannta sin, is amhlaidh a mhéadófar soláthar na nascanna snáthoptaice do gach lonnaíocht gan seirbhís i Réigiún an Deiscirt agus an Oirthir.