Ceisteanna Coitianta

 

Táthar ag seachadadh an Chláir tríd an earnáil ‘sheachbhrabúsach’. Na heagrais a shaothraíonn leis na daoine is díothaithe agus a shásaíonn na critéir eile i leith an Chláir; is féidir leo iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Ní féidir, is le heagrais le haitheantas dlíthiúil amháin a sholáthrófar an cistiú agus an rochtain.

Is sonrach iad na rialacháin sa mhéid agus go gcaitheann na tacaíochtaí infhaighte bheith ann do na daoine is díothaithe a mheastar. Ní leor bheith ag fáil íocaíochta ón Roinn Coimirce Sóisialaí, bheith ag aois éigin ná bheith ina leanbh chun na critéir a shásamh. Is i gcomhairle le réimse comhlachtaí atá an tÚdarás Bainistíochta tar éis sainiú go mba cheart an cistiú teoranta ón gclár a dhíriú ar chatagóirí daoine a fhulaingíonn le heaspa rochtana do chóiríocht, do bhia de scoth réasúnta, agus atá gan tacaíocht ioncaim.

Is iad seo na catagóirí daoine ar féidir leis na heagrais rochtain a fháil ar an gClár chun tacú leo ar bhonn rialta:

  • daoine gan dídean lena n-áirítear daoine a chodlaíonn i gcúinsí garbha go fadtéarmach
  • leanaí i dteaghlaigh ar ioncam íseal/gan déine oibre
  • íospartaigh an fhoréigin bhaile sna tearmainn agus sna brúnna
  • daoine a fhulaingíonn nó ag teacht slán ó andúilí
  • daoine áirithe ón Lucht Siúil agus ón muintir Romach
  • daoine leochaileacha ag aistriú chuig cónaí neamhspleách ón gcóiríocht éigeandála
  • duine ar bith gan ioncam, cóiríocht ná acmhainn nach gclúdaítear thuas iad.
Is féidir libh, ní foláir daoibh léiriú go soiléir ámh an chaoi ina dtabharfaidh an cur chuige sin aghaidh ar éilimh na ndaoine is díothaithe.

Is féidir libh iarratas a dhéanamh. Ní shásóidh go leor daoine scothaosta na critéir de bheith ar na daoine is díothaithe, agus is amhlaidh dá réir a bheidh an leibhéal tacaíochtaí infhaighte iontach teoranta. Ní bheidh an clár oiriúnach de réir mar a ghearrtar muirir i ndáil le soláthar béilí do dhaoine scothaosta.

Is dócha go bhféadfaí iarratas mar sin a bhreithniú. Caithfidh na heagrais a léiriú ámh go ndíríonn siad ar na daoine is díothaithe ina bpobal agus gan díreach ar na daoine a dteastaíonn lámh chúnta um an Nollaig uathu. Beidh feidhm leis na ceangaltais tuairiscithe agus cuntasaíochta céanna le hiarratas faofa ar bith ina soláthraítear na cineálacha tacaíochtaí fánacha úd.

Má thugtar faomhadh do d’eagras, is amhlaidh a ainmneofar é mar eagras is comhpháirtí do sheachadadh an chláir, agus beidh air na freagrachtaí tuairiscithe a shásamh. Bhain siad sin le taifeadadh na dtáscairí ionchurtha agus aschurtha don bhia, don chúnamh bunábhar agus do na bearta comhbhainteacha. Níl aon Rialachán AE (CCED 1255/14) ar leithligh ann ina leagtar amach na sonraí le bailiú.

Beidh a chinntiú go sásaíonn sibh na ceangaltais tuairiscithe ina choinníoll leis na conarthaí chun tacaíocht ón gClár a sheachadadh.

Tacóidh an Ciste le gníomhaíochtaí a rannchuireann le cuimsiú sóisialta na ndaoine is díothaithe. D’fhéadfaí áireamh leo siúd seirbhísí tacaíochta agus comhairleacha chun rochtain na gcliant ar sheirbhísí poiblí príomhshrutha i leith na tithíochta, an leasa shóisialaigh, na sláinte, an oideachais agus na n-éileamh fostaíochta a fheabhsú.

Is í foireann arna bunú ag an Údarás Bainistíochta a dhéanfaidh breithniú ar gach aon iarratas. Ceadófar na hiarratais ar dtús dá gcomhláine. Féadfar breis eolais a lorg. Fíorófar agus tástálfar an t-eolas a sholáthraítear i gcoinne na gcritéar a leagtar amach sna Rialacháin agus sa Chlár Oibriúcháin (faightear iadsan ar láithreán gréasáin www.feadireland.ie website).

All applications and queries can be sent to FEAD@welfare.ie