Cad is Oideachas, Oiliúint agus Foghlaim Fadsaoil ann?
Tá “an tOideachas, an Oiliúint agus an Fhoghlaim Fadsaoil” ar cheann de na limistéir infheistíochta ar dhírigh an cistiú Eorpach air in Éirinn. Is éard is sprioc na hinfheistíochta úd ná chun tacú le daoine chun rochtain a fháil ar an oideachas nó ar an oiliúint gan aird ar bith dá n-aois. Infheistítear dhá chiste sa limistéar sin, mar atá: Ciste Sóisialta na hEorpa agus Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe.
Cuidíonn Ciste Sóisialta na hEorpa le daoine chun rochtain a fháil ar an oideachas, chun na hoilteachtaí agus na cáilíochtaí a ghnóthú a dteastaíonn uathu chun teacht ar an obair.
Oideachas, Oiliúint agus Foghlaim Fadsaoil: €215.3 Milliún as an Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama agus €126.1 Milliún as an Clár Forbartha Tuaithe.
Rochtain Tríú Leibhéal
Ciste Sóisialta na hEorpa
Cuidíonn an Rochtain Tríú Leibhéal le mic léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus le mic léinn le míchumais chun rochtain a fháil ar an oideachas ardleibhéil, trí dhá chiste:
- An Ciste um Chúnamh do Mhic Léinn
- An Ciste do Mhic Léinn le Míchumais
Tabhair cuairt ar visit studentfinance.ie i gcomhair a thuilleadh sonraí i leith na gcistí agus na gcoláistí i gceist.
Céard a deir rannpháirtithe sa Litearthacht d’Aosaigh?
Filleadh ar an Oideachas – scéal faoin bhfáth go ndeachaigh duine amháin dá rannpháirtithe isteach ar an gcúrsa le Bord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman.
Bhí mé ag smaoineamh faoi le hachar fada nó go bhfuair mé amach go mbeidh mé i m’athair den chéad uair mí an Mhárta seo chugainn.Ba bhreá liom bheith in ann mo leanbh nua a chur chun leapa le scéilín, agus gan bheith buartha nach léifinn i gceart é. Insíodh dom gurb í an chuid is crua den aithreachas ná bheith i do laoch. Cén laoch nach bhfuil an léitheoireacht ná an scríbhneoireacht aige do shúile an linbh?
Déanfaidh mé mo sheacht n-iarracht chun bheith i mo laoch.