Ba faoi Chlár Oibriúcháin na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair 2007-2013, a sholáthair an clár um Fheabhsú an Taighde Fheidhmigh cistiú do ghrúpaí taighde féideartha sna hInstitiúidí Teicneolaíochta sa Réigiún, bunaithe ar thoradh próisis iarratais iomaíoch.
Críochnaíodh 64 tionscadal dírithe ar an tionscal idir na blianta 2007 agus 2013 lenar bhain comhshaothruithe le 58 comhlacht.

Shasta Ltd.

Tá Shasta Ltd. ar cheann de na comhlachtaí ar tugadh tacaíocht dóibh leis an ngné um Fheabhsú Taighde Feidhmeach de Chlár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair idir na blianta 2007-2013.

Is comhlacht rí-nuálaíoch é Shasta le speisialtacht sna táirgí cúraim leanaí agus is ceannródaí é um theicneolaíochtaí steiriliúcháin chúraim leanaí iniompartha. Theastaigh ó Shasta chun an chéad steirileoir iniompartha um buidéil leanaí ar domhan a tháirgeadh (Steri-Ova). I gcomhar le Shasta, tá Applied Polymer Technologies tar éis fréamhshamhail phlaisteach a fhorbairt ag baint leasa as samhaltú 3-Thoiseach agus teicneolaíocht fréamhshamhaltaithe mhear.

Ba é an comhshaothrú a thug coincheap an Steri-Ova i gcrích, ag soláthar táirge uasta i dtéarmaí luais, méide, áisiúlachta agus iontaofachta. Tá Steri-Ova paitinnithe in Éirinn, agus tá paitinní ar feitheamh i 140 tír.

Táthar ar tí a sheolta ar fud an domhain i gcomhpháirt le ceann de na teidil is forásaí i margadh an chúraim leanaí. Tháinig an saothar sin ó chríochnú 2 Dhearbhán Nuálaíochta de chuid Fhiontraíocht Éireann. Tá píblíne táirgí nuálaíocha breise ag Shasta a bhfuil súil acu chun iad a fhorbairt i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Átha Luain.

Thug AIT Steri-Ova ón gcoincheap chuig an bhfréamhshamhail a bhféadfaimis a taispeáint do chustaiméirí agus infheisteoirí ionchasacha.

– Ann Marie Durkin, CEO, Shasta