Bíonn Fiontraíocht Éireann lárnach do na nascanna idir an t-oideachas agus an tionscal, a ghnóthaítear trí scéimeanna tacaíochta. Aithníonn siad an t-eochair-ról a fheidhmíonn Ollscoileanna, Coláistí agus Institiúidí Teicneolaíochta na hÉireann chun teicneolaíochtaí nuálaíoch a fhorbairt i gcomhar leis an tionscal..

Cistíodh an Lárionaid Taighde um Biteicneolaíocht Chógaisíochta agus Mhóilíneach (LTBCM) in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT) faoin gClár um Fheabhsú Taighde Fheidhmigh (FTF), scéim le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus ó Fhiontraíocht Éireann faoi Chlár Oibriúcháin an Deiscirt agus an Oirthir 2007-2013.

Tacaíonn an Lárionad le fás inbhuanaithe an tionscail chógaisíochta agus cúraim shláinte in oirdheisceart na hÉireann, agus féachann sé chun taighde agus nuálaíocht a spreagadh, ag ligean do chomhlachtaí chun an taighde agus an nuálaíocht a leabú ina gcuid gníomhaíochtaí. Mealladh €710,000 de chistiú poiblí chun an lárionaid faoin gclár.

Scientist at work in the PMBC

Mhínigh an Dr. Niall O’Reilly, bainisteoir an lárionaid go mbaineann saoráid úrscothach leis le 34 pearsanra taighde ard-oilte ann. Saothraíonn an lárionad chun nascanna a chruthú idir taighdeoirí agus an lucht tionscail laistigh d’Éirinn agus sa domhan mór araon.

Dúirt an Dr. O’Reilly “Tacaíonn an CFRE lenár ndlúthbhaint leis an lucht tionscail, le tráchtálú ár dtaighde chomh maith leis na cláir oiliúna arna bhforbairt laistigh den lárionad.”

Is croíghné den Chlár Deisceartach agus Oirthearach 2014-2020 iad na tacaíochtaí chun éascú do thráchtálú an taighde inár n-institiúidí oideachasúla agus chun an comhshaothrú idir na hinstitiúidí sin agus an lucht tionscail a neartú.

Ag cur leis na gnóthachtálacha suntasacha ón gclár roimhe seo is iad na cuspóirí don chuspóir Taighde agus Nuálaíochta ná:

  • Leibhéal an taighde a tharlaíonn i réigiún an Deiscirt agus an Oirthir le dlúthpháirtíocht Comhlachtaí a mhéadú ach taighde feidhmeach a sholáthar
  • Leibhéal tráchtálaithe an taighde leis na hInstitiúidí Ard-Oideachais i réigiún an Deiscirt agus an Oirthir a mhéadú.

Is tomhas de rath an chláir é:

  • Líon na gcomhpháirtithe tionscail a bhíonn rannpháirteach le lárionaid taighde straitéiseacha cistithe i réigiún an Deiscirt agus an Oirthir.
  • Líon bliantúil na gceadúnas mar thoradh ar an taighde i Réigiún an Deiscirt agus an Oirthir.