Fuair Comhairle Chathair Chorcaí cistiú faoin bhForbairt Uirbeach Inbhuanaithe d’oibreacha ag Eaglais Chríost, An Phríomh-Shráid Theas agus ag Eaglais Naomh Lúcás, Cnoc an tSamhraidh Thuaidh. Athchóiríodh Eaglais Chríost, agus is é Triskel Arts Centre a bhainistíonn í, mar spás nua do na healaíona agus don chultúr sa chathair.

Ag labhairt dó faoi thionscadal Eaglais Chríost, dúirt Damien O’Mahony, ó Chomhairle Contae Chorcaí:

bhí fíor-dhrochbhail ar an eaglais féin. Bhí na héin tar éis cur fúthu san fhoirgneamh ina sluaite, agus bhí an chúlbhá tar éis scoilt go hiomlán ón bhfoirgneamh féin. Chuidigh an cistiú a fuaireamar i dteannta leis an infheistíocht ón gComhairle Cathrach linne chun í seo a shlánú ina hiomláine. Bhí dlúthbhaint ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa le cur i gcrích an bhirt seo.

Ag labhairt dó tar éis chríochnú na n-oibreacha, dúirt sé:

Athchóiríodh orgán na heaglaise a cheaptar bheith ar cheann de na cinn is fearr dá chineál san Eoraip, agus an uaimh inti ón 12ú céad. Athchóiríodh an tsíleáil bhairille álainn as an nua, agus athchóiríodh an díon bunúsach a ndearadh díobháil mhór dó agus athchóiríodh an ghloine dhaite sa chúlbhá freisin, is amhlaidh mar sin ó thaobh na hailtireachta de atáthar tar éis nuachóiriú iontach tar éis a bheith déantar uirthi.


Is faoi na cláir Réigiúnacha 2014-2020 atá pacáistí cistithe ar fáil do roinnt lárionad uirbeach sna Réigiúin Deisceartacha agus Oirthearacha agus Teorannacha, Lár Tíre agus Iartharacha. Táthar á n-úsáid chun an comhshaol uirbeach a athnuachan, a athghiniúint agus a fheabhsú sna lárionaid uirbeacha ainmnithe mar chuid de straitéisí uirbeacha comhtháite. Is féidir leas a bhaint as an gcistiú freisin chun tacú le soghluaisteacht uirbeach ilmhódach íseal-charbóin. Is í an sprioc go mbeadh ár gcathracha agus bailte ní ba mhealltaí chun cónaí, obair agus siamsaíocht a dhéanamh iontu.

Feicfear torthaí dearfacha sna feabhsuithe don chomhshaol uirbeach agus in athnuachan na gceantar uirbeach agus sna gníomhartha chun tacú leis an tsoghluaisteacht uirbeach ilmhódach inbhuanaithe íseal-charbóin sna cathracha agus sna bailte sna Réigiúin Deisceartacha agus Oirthearacha agus Teorannacha, Lár na Tíre agus Iartharacha.