Leithdháileadh €1.9 milliún do Thairseach Dhún Dealgan i leith athfhorbairt Chearnóg an Mhargaidh i lár an bhaile chun Cearnóg an Mhargaidh a chur ar ais mar chroílár sibhialta agus sóisialta ilmhódach na tairsí.

Bronnadh an conradh tógála ar John Craddock’s Ltd thiar sa bhliain 2011. Bhain athfhorbairt 8,100msq den spás sibhialta leis an tionscadal, lena n-áireofaí foinse, ceantar léiriúcháin, suíocháin agus soláthar do mhargaí agus d’imeachtaí. Críochnaigh Cearnóg an Mhargaidh den chuid ba mhó i mí na Nollag 2011. Athchóiríodh na píosaí dealbhóireachta ón Táin, agus nochtar sa chearnóg i láthair na huaire iad.

Críochnaíodh bronnadh conartha do shuiteáil WIFI ar LAN Consultants, ónar tháinig clúdach Wifi saor in aisce i gCearnóg an Mhargaidh do gach ball leabharlainne agus mac léinn le hInstitiúid na Teicneolaíochta Dhún Dealgan.

Is faoi Chlár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair 2014-2020 a bheidh pacáistí cistithe ar fáil do thionscadail chomhchosúla sna lárionaid uirbeacha ar fud Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair. Táthar á n-úsáid chun an comhshaool uirbeach a athnuachan, a athghiniúint agus a fheabhsú sna lárionaid uirbeacha ainmnithe mar chuid de straitéisí uirbeacha comhtháite.